Léim go dtí an príomhábhar
Má fheiceann tú duine i gcruachás, cuir glao ar 999 nó 112 agus iarr an Garda Cósta

Ann duit i gcónaí

Má fheiceann tú duine atá i dtrioblóid san uisce nó feadh an chósta, nó más dóigh leat go bhfuil duine i dtrioblóid, úsáid Cainéal 16 VHF nó glaoigh ar 999 nó 112 agus abair go bhfuil an Garda Cósta uait.

Le bliain anuas…

2,793 teagmhais ar freagraíodh dóibh.
1,941 daoine a fuair cúnamh tarrthála.
1,187 uaireanta a imlonnaíodh aonaid an Gharda Cósta.
44 aonaid de chuid an Gharda Cósta.
933 misin héileacaptair.
Portráid fhoirmiúil den Aire Stáit Seán Canney, ó na guaillí aníos, agus culaith agus carbhat patrúnaithe air os comhair cúlra bán lom

Ina cháil mar cheann de na ceithre phríomhghníomhaireacht freagartha de chuid an Stáit, tá ról ríthábhachtach ag Garda Cósta na hÉireann chun beathaí a shábháil agus ár dtimpeallacht mhuirí a chosaint. Ar fud na tíre, déanann oibrithe deonacha agus foireann an Gharda Cósta obair den scoth ar son a bpobal, agus athdhearbhú, saineolas agus tiomantas daingean á dtairiscint dóibh sin a chónaíonn, a oibríonn agus a thaistealaíonn feadh chóstaí na hÉireann agus oileáin na hÉireann amach ón gcósta. Soláthraíonn seirbhís eitlíochta an Gharda Cósta acmhainn taisme muirí cuardaigh agus tarrthála náisiúnta atá go hiomlán comhtháite i dteannta faireachán timpeallachta muirí neartaithe, agus an tseirbhís fhoriomlán a sholáthraítear don phobal á feabhsú.